Deir na Gardaí gur thóg siad seisear – ceathrar fear, bean agus ógánach – agus go ndearnadh damáiste do thrí scuadcharr ag agóid a bhí ar siúl aréir taobh amuigh d'ionad i gCo Chill Mhantáin a gcreidtear go bhfuil iarrthóirí tearmainn le cur a chónaí ann.
Deir na Gardaí gur ionsaigh agóideoirí iad ag an ionad i mBaile an Chinnéidigh i dtuaisceart an chontae agus go mb'éigean doibh feidhm a bhaint as sciatha cosanta agus sprae éagumasaithe le stop a chur leis an mí-ord.
Tá an t-ionsaí a rinneadh ar na Gardaí cáinte ag an Taoiseach Simon Harris a bhfuil Baile an Chinnéidigh ina dháilcheantar féin.
Dúirt sé go bhfuil sé mar chúram ag na Gardaí dlíthe na tíre a chur i bhfeidhm agus gur chóir do gach duine tacú leo sa mhéid sin.
Dar le roinnt daoine áitiúla, áfach, go ndeachaigh na Gardaí thar fóir agus iad ag dul i ngleic leis an mí-ord.
Tá agóid ar bun ag daoine áitiúla taobh amuigh den ionad, dá ngairtear Teach Throdair agus ar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte é, ó thosaigh lucht tógála ag obair san áit sé seachtaine ó shin.
Bhí sé tugtha le fios ag an Roinn Lánpháirtíochta go rabhthas ag cuimhneamh ar 20 puball a chur suas ann a mbeadh áit i ngach ceann acu d'ochtar iarrthóirí tearmainn ach deir daoine ón bpobal áitiúil nach bhfuil dóthain seirbhísí ar fáil sa cheantar do 160 duine breise.
Deir na Gardaí gur ionsaíodh iad nuair a chuaigh oibrithe tógála isteach san áit go gairid tar éis 8 a chlog aréir. Caitheadh clocha móra agus ábhar eile leo agus ní raibh aon rogha acu ach iad fein a chosaint, a deir siad.
Ina cheann sin, briseadh na fuinneoga agus gearradh na boinn ar thrí scuadcharr, a deir na Gardaí. Lasadh tinte, rinne roinnt daoine treaspás ar an suíomh agus fuarthas tua chomh maith, a deir siad.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee ar maidin inniu nach bhféadfadh aon duine a chonaic na híomhánna de na scliúchais aréir easaontú le cur chuige na nGardaí agus iad ag dul i ngleic leo.
Thug sí le fios go gcreideann sí go láidir go bhfuil daoine nach ón bpobal áitiúil iad ag glacadh páirt in agóidí mar é agus nach bhfuil ar intinn acu ach trioblóid a thógáil.
Daoine a raibh imní orthu i ndáiríre faoi cheist na n-iarrthóirí tearmainn, ní ghlacfaidís páirt in iompar den sórt sin, arsa sí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ