Sa chúirt is airde i Nua-Eabhrac, cuireadh ar neamhní ciontú an léiritheora scannán Harvey Weinstein as coireanna gnéasacha ar an mbonn go ndearnadh earráid shuntasach ina thriail ceithre bliana ó shin.
Sa chúirt achomarc inniu, rialaigh ceathrar den seachtar breithiúna nár chóir don bhreitheamh sa triail sa chúirt choiriúil in 2020 cead a thabhairt don ionchúiseamh fianaise ó mhná áirithe a chur os comhair na cúirte.
Cé gur mhaígh na mná sin go ndearna Harvey Weinstein ionsaithe gnéasacha orthu ní raibh aon bhaint ag na líomhaintí a rinne siad leis na cionta a bhí curtha i leith an léiritheora aitheanta Hollywood.
Rialaigh an chúirt achomharc inniu freisin gur cuireadh leis an earráid sin nuair a lig an breitheamh sa triail don ionchúiseamh Harvey Weinstein a chroscheistiú ar bhealach thar a bheith claonta.
Gearradh trí bliana is fiche príosúin ar Harvey Weinstein i mí an Mhárta 2020 as na coireanna gnéasacha agus spreag a chiontú an ghluaiseacht #MeToo.
D'ordaigh an chúirt inniu, áfach, é a chur ar a thriail as an nua.
I dtriail eile in Cailfornia anuraidh, gearradh sé bliana déag príosúin ar Harvey Weinstein as aisteoir mná a éigniú in Los Angeles in 2013.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ