Tá triúr fear gafa ag na Gardaí maidir le dúnmharú fir de bhunadh na Cróite a hionsaíodh i mBaile Átha Cliath i ndeireadh na míosa seo caite.
Ionsaíodh Josip Štrok, a bhí 31 bliain d'aois, agus cara leis i gCluain Dolcáin in iarthar Bhaile Átha Cliath ar an 30 Márta agus bhásaigh sé san ospidéal ceithre lá ina dhiaidh sin. Tháinig a chara David Družinec tríd.
Deir na Gardaí gur tugadh fogha faoin mbeirt taobh amuigh de theach i mBealach Radharc na Gráinsí i gCluain Dolcáin go gairid tar éis 10 a chlog oíche Shathairn an 30 Márta agus tá siad ag achainí ar aon duine a mbeadh aon eolas ábhartha acu teacht chun cainte leo.
Tá an triúr fear a gabhadh inniu á gceistiú i stáisiúin Ghardaí i mBaile Átha Cliath.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ