skip to main content

Gluaisrothaí maraithe i dtubaiste bóthair i gCo Cheatharlach

I mBaile Ghearailt i ndeisceart Cheatharlach a tharla a tubaiste
I mBaile Ghearailt i ndeisceart Cheatharlach a tharla a tubaiste

Maraíodh fear sna tríochaídí nuair a leag gluaisteán dá ghluaisrothar é i gCo Cheatharlach aréir. Deir na Gardaí nár stop an gluaisteán ar láthair na tubaiste agus go bhfuarthas í dóite go gairid ina dhiaidh sin.

Tharla an tubaiste i mBaile Ghearailt idir Ráth Tó agus Balana i ndeisceart Cheatharlach ag thart ar 11 a chlog aréir.

Bhaásaigh an gluaisrothaí ar an mball agus tá scrúdú iarbháis le déanamh ar a chorp inniu.

Tá láthair na tubaiste á scrúdú ag na Gardaí ó mhaidin agus tá siad ag achainí ar aon duine a bhí sa cheantar idir 10 a chlog agus an meán oíche aréir teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.

Maraíodh beirt i dtimpistí bóthair in áiteanna éagsúla sa tír inné.

Maraíodh bean sna fichidí nuair a leag leoraí dá rothar í i gceantar Dhún Laoghaire i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.

I gCo Chorcaí, maraíodh fear sna daichidí nuair a bhuail a ghluaisrothar agus leoraí faoina chéile i dTuairín Fhínín in iarthuaisceart an chontae.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ