Sa Phríomhchúirt Choiriúil, fuarthas ógánach as Carraig Uí Leighin i gCo Chorcaí ciontach i ndúnorgain fir 29 bliain d'aois a maraíodh in eastát tithíochta ar an mbaile sin bliain go leith ó shin.
Bhí Jordan Deasy, atá naoi mbliana déag, cúisithe i ndúnmharú Matt O'Neill a ndearnadh ionsaí brúidiúil air in Eastát Choill an Ghleanna i gCarraig Uí Leighin ar an 28 Nollaig 2022.
Phléadáil Jordan Deasy neamhchiontach i ndúnmharú agus inniu, tar éis dóibh beagnach cúig huaire an chloig déag ar fad a chaitheamh i mbun a machnaimh ar an gcás, fuair an giúiré ciontach é i ndúnorgain.
Níl fíorasc tugtha ag an ngiúiré fós i gcás Ricardo Hoey, 21 bliain, atá cúisithe freisin i ndúnmharú Matt O'Neill.
Tiocfaidh na giúróirí le chéile arís Dé Luain seo chugainn leis an gcás in aghaidh Ricardo Hoey a mheá tuilleadh.
Tá sé ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ