skip to main content

Imní ar an Éigipt go mbrúfar Palaistínigh trasna na teorann

Coirp dhaoine ó theaghlach amháin – leanaí ina measc – a maraíodh in ionsaí buamála a rinne fórsaí Iosrael ar a dteach in Rafah, 25 Aibreán 2024
Coirp dhaoine ó theaghlach amháin – leanaí ina measc – a maraíodh in ionsaí buamála a rinne fórsaí Iosrael ar a dteach in Rafah, 25 Aibreán 2024

Deir Rialtas na hÉigipte nach bhfuil aon rún acu ligean do na hIosraelaigh Palaistínigh atá ag cur fúthu i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza a bhrú trasna na teorann nuair a dhéanfas Arm Iosrael mórionradh ar an gcathair mar atá geallta acu.

Tá sé ráite go minic ag na hIosraelaigh go bhfuil siad mionnaithe ionradh uileghabhálach a dhéanamh ar Rafah agus tá iad ag déanamh téisclime lena aghaidh sin le roinnt seachtainí.

Tá iarrtha chomh minic céanna ag ceannairí idirnáisiúnta ar na hIosraelaigh gan dul ar aghaidh leis an ionradh mar gheall ar an ár is cinnte a thabharfar ar an bpobal ansin dá bhíthin.

Gan trácht ar an milliún duine a bhí ina gcónaí in Rafah sular thosaigh na hIosraelaigh ag fearadh cogadh ar Gaza an fómhar seo caite, tá a n-anlann teifeach dingthe isteach ann ó shin freisin.

In ainneoin a ndúirt na hÉigiptigh inniu, thug siad le fios chomh maith go mbeadh orthu dul i gcomhar le fórsaí míleata Iosrael maidir le cúrsaí slándála ó tá Rafah suite ar an teorainn leis an Éigipt. Ní hin le rá, a dúirt siad, go mbeidh siad ag tacú leis an ionradh.

Mar leis an téisclim atá na hIosraelaigh a dhéanamh, tuairiscítear go bhfuil 40,000 puball a bhfuil áit i ngach ceann acu do dháréag ceannaithe acu le súil sibhialtaigh a aslonnófar ó Rafah roimh an ionradh a chur a chónaí iontu.

Is cosúil go bhfuil cuid de na pubaill curtha suas cheana féin i gcathair Khan Younis, cuig chiliméadar ó thuaidh ó Rafah.

Más amhlaidh atá na hIosraelaigh meáite ar an oiread sibhialtach agus is féidir a thabhairt amach as Rafah roimh an ionradh, meastar nach mbeidh gach uile úmachan déanta acu go ceann míosa ar a laghad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ