skip to main content

'Scagthástáil fiaclóireachta á séanadh ar leanaí cheal acmhainní'

Laghdú 23% ar an líon fiaclóirí poiblí sa Stát idir 2006 agus 2022
Laghdú 23% ar an líon fiaclóirí poiblí sa Stát idir 2006 agus 2022

Ní dhearnadh scagthástáil fiaclóireachta ach ar leath na ndaltaí bunscoile a bhí ina teideal anuraidh mar gheall ar an easpa fiaclóirí poiblí sa tseirbhís sláinte, a deir Cumann Fiaclóireachta na hÉireann.

De réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag an gcumann, as an 208,233 dalta bunscoile a bhí i dteideal scagthástála in 2023 ní dheachaigh ach 104,488 díobh chug an bhfiaclóir ar deireadh.

Dar leis an gcumann go molann an Rialtas scagthástáil fiaclóireachta a dhéanamh ar dhaltaí bunscoile nuair atá siad i Rang 2, Rang 4 agus Rang 6 ach deir an cumann nach bhfuil na hacmhainní ann leis an moladh sin a chur i bhfeidhm.

Deir siad gur tháinig laghdú 23% ar an líon fiaclóirí poiblí sa Stát idir 2006 agus 2022 agus nár mhór 74 fiaclóir breise a earcú leis an tseirbhís a chur ar fáil mar is ceart.

Is é Fintan Hourihan príomhfheidhmeannach Chumann Fiaclóireachta na hÉireann agus maíonn seisean go bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag déanamh faillí ina ndualgas faoin Acht Sláinte cúram fónta a chur ar fáil do dhaoine.

Dealraíonn sé, arsa sé, go gcreideann an Rialtas gur cheart do thuilleadh páistí dul chuig fiaclóir príobháideach cé go gcreideann formhór mór na bhfiaclóirí sa tír gur cheart an tseirbhís fiaclóireachta poiblí a athnuachan.

Tá comhdháil bhliantúil Chumann Fiaclóireachta na hÉireann ar siúl i gCill Airne i gCo Chiarraí an tseachtain seo.

Mar fhreagra ar a bhfuil ráite ag an gcumann, deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach bhfuil an cúram a cuireadh ar fáil do dhaoine i ndiaidh scagthástáil fiaclóireachta a dhéanamh orthu anuraidh, nach bhfuil sin curtha san áireamh sna figiúirí a d'eisigh an cumann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ