skip to main content

Fear neamhchiontach i ndúnmharú mar go raibh sé as a mheabhair

Shane Murphy a sádh ina theach cónaithe i Carraig Uí Leighin i gCo Chorcaí
Shane Murphy a sádh ina theach cónaithe i Carraig Uí Leighin i gCo Chorcaí

Sa Phríomhchúirt Choiriúil, fuarthas fear 43 bliain d'aois neamhchiontach i ndúnmharú a dhearthár agus neamhchiontach freisin in iarracht a dhéanamh a athair a dhúnmharú de bharr, a dúradh, go raibh sé as a mheabhair ag an am.

Bhí an t-ionchúiseamh agus an chosaint araon den tuairim gur bhuail taom síocóise John Murphy as Ascaill Radharc na Mara, Carraig Uí Leighin, i gCo Chorcaí nuair a sháigh sé a dheartháir Shane Murphy agus nuair a rinne sé iarracht a athair Weeshie Murphy a mharú i mí an Mhárta 2022.

Beagnach dhá uair an chloig a chaith an giúiré i mbun a machnaimh ar an gcás sular tháinig siad ar bhreith d'aon ghuth.

Chuir an Breitheamh Siobhán Lankford an cás siar go dtí an 7 Bealtaine agus d'ordaigh sí John Murphy a choinneáil sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ