Dealraíonn sé go bhfuil fórsaí míleata Iosrael tosaithe ar fheachtas úr foréigin in Gaza tar éis dóibh áiteanna éagsúla ar fud na hiamhchríche Palaistíní a bhombardú go trom inné.
Ina cheann sin, d'ordaigh Arm Iosrael do shibhialtaigh i gceithre áit i gcathair Beit Lahiya i dtuaisceart Gaza imeacht as a n-áitribh an athuair mar go raibh siad "i gceantar cogaíochta contúirteach".
Bhí saighdiúirí tarraingthe amach as tuaisceart Gaza ag na hIosraelaigh roimhe seo tar éis dóibh, a dúirt siad, an ruaig a chur ar lucht airm Hamas.
I ráiteas, dúirt Arm Iosrael go raibh rún acu "aghaidh a thabhairt – le teann fornirt – ar bhonneagar sceimhlitheoireachta agus ar bhuíonta ceannairceach" sa cheantar.
Maíodh sa ráiteas freisin "go gcloíonn Arm Iosrael leis an dlí idirnáisiúnta agus go ndéanann siad a ndícheall leis an díobháil a dhéantar do shibhialtaigh [i gcogadh] a mhaolú".
Chomh maith leis an bhfeachtas úr i dtuaisceart Gaza, tuairiscítear gur scaoil fórsaí Iosrael diúracáin ó scairdeitleáin agus sliogáin ó thancanna le hionaid i lár agus i ndeisceart Gaza inné.
Dar le daoine sna háiteanna sin gur mhair an bombardú beagnach ceithre huaire is fiche.
Tuairiscítear freisin nár gortaíodh aon duine nuair a scaoil an grúpa Jiohád Ioslamach na Palaistíne sailbhe roicéad as tuaisceart Gaza le dhá bhaile i ndeisceart Iosrael.
Ó theip ar chainteanna a reáchtáil taidhleoirí idirnáisiúinta i gCatar agus san Éigipt níl aon chaint níos mó ar shos comhraic in Gaza.
Creidtear go deimhin go bhfuil na hIosraelaigh ag téisclim i gcomhair mórionradh a dhéanamh ar chathair Rafah i bhfíordheisceart Gaza tar éis go bhfuil iarrtha ag ceannairí idirnáisiúnta orthu gan dul ar aghaidh leis.
Áirítear os cionn 34,000 duine a bheith maraithe agus 77,000 duine a bheith gortaithe in Gaza ó thosaigh na hIosraelaigh ag cur cogadh ar an áit sé mhí go leith ó shin. É sin gan na coirp atá folaithe ag smionagar na bhfoirgneamh a leagadh de bharr na buamála a chur san áireamh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ