Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, cuairt ar champa do dhídeanaithe Palaistíneacha ó dheas de phríomhchathair na hIordáine, Amman, inniu.
Tá thart ar 10,000 duine ina gcónaí i gcampa Talbieh atá á riar ag Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA).
Cuireadh fáilte chroíúil roimh an Tánaiste i mbunscoil do chailíní sa champa agus thug sé cuairt ina dhiaidh sin ar ionad leighis in aice láimhe.
Dúirt ionadaí ó na Náisiúin Aontaithe le RTÉ gur cuireadh oideachas na gcailíní i mbaol tar éis do roinnt tíortha an maoiniú a bhí siad a chur ar fáil don ghníomhaireacht a chur ar fionraí i mí Eanáir.
Cuireadh an maoiniú ar fionraí tar éis do na hIosraelaigh a mhaíomh go raibh daoine ón ngníomhaireacht páirteach sa mhóríonsaí a rinne Hamas ar dheisceart Iosrael an fómhar seo caite.
I dtuarascáil a d'fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe arú inné, áfach, dúradh nach raibh aon fhianaise ann le maíomh na nIosraelach a chruthú.
Tá 1,300 cailín Palaistíneach ag freastal ar an scoil in Talbieh.
Ní raibh Éire i measc na n-ocht dtír déag a chuir maoiniú ar fionraí agus dúirt Micheál Martin gur iarracht an bonn a bhaint d'obair na gníomhaireachta a bhí i maíomh na nIosraelach.
D'achainigh sé ar na hocht dtír déag úd maoiniú a chur ar fáil arís gan a thuilleadh moille.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ