skip to main content

'Foireann RTÉ fágtha as an dioscúrsa faoi scannail éagsúla'

Ionadaithe ó na ceardchumainn in RTÉ ar a mbealach go Teach Laighean inniu
Ionadaithe ó na ceardchumainn in RTÉ ar a mbealach go Teach Laighean inniu

Tá sé ráite ag ceann de na ceardchumainn in RTÉ nár áiríodh foireann na heagraíochta go dtí seo sa dioscúrsa atá ar bun faoi na scannail éagsúla sa chraoltóir náisiúnta atá tagtha chun solais le bliain.

Dúradh an méid sin i ráiteas a léigh Emma O'Kelly ó cheardchumann na n-iriseoirí, an NUJ, ag éisteacht de Chomhchoiste Oireachtais na Meán i dTeach Laighean inniu, áit a bhfuil cúrsaí rialachais agus cultúir in RTÉ á gcriathrú.

Tá ionadaithe ó cheardchumainn eile in RTÉ páirteach san éisteacht freisin, mar atá, SIPTU, Connect agus Unite.

Dúirt Emma O'Kelly leis an gcoiste gur easpa maoinithe le blianta fada is cionsiocair le go leor de na deacrachtaí atá in RTÉ, gan na scannail éagsúla a tháinig chun solais le gairid a bhac.

Mhaígh sí nach bhfuil an ceadúnas teilifíse feidhmiúil níos mó agus mhol múnla úrnua maoinithe a thabhairt isteach ina áit.

Emma O'Kelly ó cheardchumann na n-iriseoirí in RTÉ ag caint ag éisteacht de Chomhchoiste Oireachtais na Meán i dTeach Laighean inniu

Oscailteacht agus plean nua gnímh atá de dhíth ar an eagraíocht, arsa Teresa Hannick ó SIPTU.

Dúirt ionadaí ó Connect nár mhór stádas RTÉ mar sheirbhís phoiblí neamhspleách a dhaingniú mar mhalairt ar chlár oibre na dtoicithe ar leo na meáin shóisialta.

Tharraing Brendan Byrne ó Unite aird ar na "conarthaí bréige fostaíochta" a tugadh do dhaoine áirithe in RTÉ agus d'iarr sé ar an gcoiste tacú le moltaí a rinne an ceardchumann in 2021 faoin gceist.

Níos túisce inniu, dúirt an Taoiseach Simon Harris i nDáil Éireann gur cuireadh foireann RTÉ faoi na súistí, nach raibh dada as bealach déanta acu agus gur chóir tacú leo.

Mhaígh an Taoiseach cé gur loic RTÉ ar an bpobal nár mhór idirdhealú a dhéanamh idir an comhlacht agus an fhoireann.

Tá dhá thuarascáil maidir le gnóthaí RTÉ le foilsiú go luath, creidtear.

Baineann ceann acu le cúrsaí rialachais agus cultúir san eagraíocht agus baineann an ceann eile le conarthaí fostaíochta, gráid agus pinsin.

Choimisiúnaigh Aire na Meán Catherine Martin an dá athbhreithniú anuraidh agus bhí siad le foilsiú i dtús na bliana seo. Níl sé soiléir cad is cúis leis an moill, áfach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ