Déanann bagairtí agus imeaglú atá dírithe ar ionadaithe tofa dochar don daonlathas, a dúirt an tAire Lánpháirtíochta, Roderic O'Gorman inniu, i ndiaidh do ghrúpa daoine a bhí i mbun agóide a bhailiú taobh amuigh dá theach cónaithe aréir.
Bhí clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh acu agus bhí comharthaí frith-inimirce á n-iompar acu.
D'fhreastail na Gardaí ó Bhaile Bhlainséir ar an láthair, acu níor gabhadh aon duine.
a bhailigh le chéile taobh amuigh de theach an Aire O'Gorman aréir
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Gardaí", a dúirt an tAire O'Gorman inniu. "Tá traidisiún láidir daonlathais againn sa tír seo. Tá ionadaithe freagrach don phobal a bhfreastalaíonn siad air. Tá sé furasta teagmháil a dhéanamh linn agus tuairimí a chur in iúl dúinn. Bíonn díospóireachtaí eadarainn agus easaontas, uaireanta. Ach léirítear meas i gcónaí. Tá luach ard againn ar mheas sa tír seo; tá luach ar leith ag polaiteoirí air. Ach déanfaidh imeaglú ar ionadaithe tofa dochar don chaidreamh sin idir ionadaithe agus a bpobail. Agus déanfar dochar don daonlathas dá bharr."
Thug an Taoiseach, Simon Harris, le fios níos luaithe inniu go mbraitheann sé "míshuaimneach" faoin eachtra os comhair theach Roderic O'Gorman inné. Dúirt sé gur eachtra scanrúil a bhí ann, a chuirfeadh drochmhisneach ar ionadaí tofa.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, gur labhair sí le Coimisinéir na nGardaí faoin eachtra "uafásach". I ráiteas ar na meáin shóisialta, dúirt sí go ndearnadh "sárú ar chearta príobháideachais agus maoine" an aire, "ar shlí a gcuirfeadh samhnas ar dhuine."