Tá Iosrael i ndiaidh ionsaí a dhéanamh ar an Iaráin, de réir foinsí sa réigiún. Tuairiscíodh sna meáin san Iaráin go raibh pléascanna le cloisteáil os cionn Isfahan, cathair i lár na tíre. Tuairiscítear gur chuir córas cosanta frith-diúracáin na hIaráine bac ar fhormhór na roicéad. Deir an tseirbhís craoltóireachta phoiblí san Iaráin go bhfuil an tír "slán sabháilte".
Tá an t-ionsaí deimhnithe freisin ag an BBC agus ag CBS News.
Tá aerbhunáit mhór in Isfahan, mar aon le monarcha táirgthe diúracán. Deir an foras faire domhanda ar chúrsaí núicléacha, áfach, nach ndearnadh damáiste d'aon mhonarcha núicléach.
Níl ráiteas eisithe ag Iosrael ag glacadh freagrachta.
Tá eitiltí os cionn go leor cathracha san Iaráin curtha ar ceal inniu.
Tagann an t-ionsaí seo sna sála ar ionsaí diúracáin a rinne an Iaráin ar Iosrael Dé Sathairn seo caite, tráth a scaoil siad os cionn 300 roicéad leis an tír. Chuir forsaí cosanta na Stát Aontaithe agus na Breataine bac ar a bhformhór.
Iosrael a bhí freagrach as.
Rinne an Iaráin ionsaí an tSathairn chun díoltas a bhaint amach i ndiaidh d'eitleáin chogaidh de chuid Iosrael consulacht na hIaráine in Damascus na Siria a bhuamáil ar 1 Aibreán. Maraíodh aon duine dhéag, ar a laghad, san ionsaí sin.
Le blianta fada, is deargnaimhde iad an Iaráin agus Iosrael; de shíor in adharca a chéile, ach ar chúla téarma. Throididís a gcuid cathanna trí ghrúpaí ionadaíochta, mar shampla an Houthi san Éimin agus Hezbollah sa Liobáin. Tá amhras mór faoin Iaráin freisin gurb iadsan atá ag maoiniú Hamas in Gaza.
Seo í an chéad uair don Iaráin agus d'Iosrael a bheith ag troid lena chéile gan cheilt os comhair an tsaoil.
Tá ag géarú ar an imní anois go scaipfidh an foréigean, ní hamháin ar fud an mheánoirthir, ach níos faide fós.
Chuir tíortha ar fud an domhain comhairle ar Iosrael an ghuaim a choinneáil orthu féin, a gcuid comhghuaillithe ina measc, i ndiaidh ionsaí an tSathairn. Thug na Stáit Aontaithe le fios nach mbeidís sásta tacú le hiarrachtaí Iosrael díoltas a bhaint amach i gcoinne na hIaráine, ar eagla go rachadh an foréigean i ndonacht.
Anois tá an chomhairle chéanna á cur ar an Iaráin. Níl fianaise ann go bhfuil sé i gceist ag Tehran tuilleadh ionsaithe a dhéanamh ar Iosrael.