Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí i dtaca le bás mná ar thángthas ar a corp taobh amuigh de theach i nDroichead an Chaisleáin i gCo Loch Garman inniu.
Creidtear go mb'fhéidir gur bhuail feithicil an bhean uair éigin idir 11.30 agus an meán lae.
Is in eastát tithíochta Pháirc an Mhuilinn ar an taobh ó thuaidh de Dhroichead an Chaisleáin a fuarthas corp na mná.
Is iad na Gardaí i mbaile Loch Garman atá ag fiosrú bhás na mná agus tá siad ag iarraidh ar aon duine a bhí ag tiomáint san eastát ag an am nó a mbeadh aon eolas ábhartha eile acu teacht chun cainte leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ