skip to main content

Tíortha an G7 le tuilleadh smachtbhannaí a chur ar an Iaráin

Gardaí na Réabhlóide san Iaráin ag sochraid an tseachtair dá gcuid a maraíodh san ionsaí ar chonsalacht na hIaráine sa Damaisc
Gardaí na Réabhlóide san Iaráin ag sochraid an tseachtair dá gcuid a maraíodh san ionsaí ar chonsalacht na hIaráine sa Damaisc

Tá sé ráite ag Rialtas Iosrael go bhfuil iarrtha acu ar 32 tír smachtbhannaí a chur ar Ghardaí na Réabhlóide san Iaráin agus ar an gclár diúracán atá á fhorbairt acu.

Ní dúradh, áfach, cé na tíortha atá i gceist ach tá sé tugtha le fios ag Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak go bhfuil tíortha an G7 ag caint le chéile cheana féin ar thuilleadh smachtbhannaí a chur ar an Iaráin.

Níl sé soiléir ó chaint Rishi Sunak, ámh, an ar Ghardaí na Réabhlóide nó ar an Iaráin trí chéile a chuirfear na smachtbhannaí nua.

Cór faoi leith i bhfórsaí míleata na hIaráine is ea Gardaí na Réabhlóide a bhfuil sé mar chúram orthu poblacht Ioslamach na hIaráine a chosaint agus a bhuanú. Is faoin gcuid eile d'fhórsaí míleata na hIaráine atá sé flaitheas na tíre a chosaint.

Dé Sathairn seo caite, scaoil an Iaráin thart ar 300 drón le hIosrael mar dhíoltas as an ionsaí a rinne Iosrael ar chonsalacht na hIaráine sa Damaisc sa tSiria ar an 1 Aibreán inar maraíodh seachtar Gardaí na Réabhlóide, beirt ghinearál ina measc.

D'éirigh leis an gcóras cosanta atá ag fórsaí Iosrael, le cúnamh ón mBreatain agus ó na Stáit Aontaithe, formhór na ndrón a chaitheamh go talamh agus a chur ó mhaith sular bhain siad sprioc amach.

Tá na hIosraelaigh mionnaithe díoltas a imirt ar an Iaráin as an mórionsaí sin in ainneoin go bhfuil iarrtha ag ceannairí idirnáisiúnta ar an dá thír guaim a choinneáil orthu féin.

Comhghuaillithe na hIaráine is ea an Rúis agus an tSín agus cé nach bhfuil an t-ionsaí ar Iosrael cáinte go poilblí ag ceachtar den dá thír sin tá sé ráite acu nach mbeadh aon ghar sa choimhlint a ghéarú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ