Tá an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee le moladh don Chomhaireacht pionóis níos déine a ghearradh ar dhaoine faoi choireanna scine.
De réir a bhfuil á mholadh ag an Aire McEntee agus ag an Aire Stáit James Browne, d'ardófaí an t-uasphionós as coireanna scine ó chúig bliana príosúin go dtí seacht mbliana.
Molann siad freisin cumhachtaí breise a thabhairt do na Gardaí maidir le horduithe um iompar frithshóisialta a eisiúint.
Ag labhairt di ar RTÉ ar maidin inniu, dúirt an Teachta Dála Catherine Murphy ó na Daonlathaithe Sóisialta gur cheart dul i ngleic le coireacht scine ar bhonn uileghabhálach agus nár mhór seirbhísí pobail le haghaidh daoine óga a fheabhsú chomh maith le pionóis níos déine a thabhairt isteach.
Thug sí le tuiscint go mb'fhéidir gurbh fhiú tréimhse mhaithiúnais i leith sceana a thabhairt isteach sa tír seo. Rinneadh a leithéid in Albain agus bhí an-rath air, a dúirt sí.
Mhaígh Catherine Murphy freisin nach dtógann na Gardaí ach céatadán an-bheag de na sceana atá ina seilbh ag daoine.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ