Tugadh fear 43 bliain d'aois os comhair cúirte inniu agus é cúisithe i ndúnmharú fir a bhfuarthas a chorp i ngairdín tí sa Nás i gCo Chill Dara arú inné.
Sin é Pádraig Delaney atá cúisithe i ndúnmharú Shane Knott a bhí 37 bliain.
Deir na Gardaí go ndearnadh ionsaí fíochmhar ar Shane Knott agus gur bhain drochghortuithe dá cheann.
Ag suí speisialta de Chúirt Dúiche an Náis inniu, thug an Bleachtaire Sáirsint Enda Gallagher le fios gur tháinig duine muinteartha leis an gcúisí i láthair na nGardaí sa Nás tráthnóna arú inné agus go ndúirt sé leo go raibh scéala faighte aige faoi dhuine a bheith maraithe.
Fuarthas corp Shane Knott i ngairdín an tí i nDiméin an Iústásaigh ar chiumhais theas an Náis gan mhoill ina dhiaidh sin.
Dúirt an Garda Gallagher gur gabhadh Pádraig Delaney an oíche sin agus gur cuireadh ina leith gur dhúnmharaigh sé Shane Knott uair éigin idir an 3 Aibreán agus an 14 Aibreán 2024.
Dúradh freisin gur thóg na Gardaí roinnt nithe mar chuid dá bhfiosrúchán faoin marú.
D'iarr aturnae an chúisí saorchúnamh dlí a chur ar fáil dá chliant agus measúnú leighis a dhéanamh air freisn.
D'iarr an t-aturnae chomh maith go ndéanfai an dara scrúdú iarbháis – scrúdú neamhspleách – ar chorp Shane Knott agus go ndéanfadh "saineolaí" scrúdú eile ar an áit a bhfuarthas an corp.
Dúirt an Breitheamh Desmond Zaidan nár iarradh a leithéid air riamh cheana agus go raibh amhras air ina thaobh.
I ndiadh dó dul i gcomhairle leis an ionchúiseamh, áfach, dúirt sé go gceadódh sé an dá iarratas in ainneoin an amhrais a bhí air.
Cuireadh Pádraig Delaney siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair na cúirte arís é arú amárach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ