skip to main content

Bus scoile imithe den bhóthar i gCo Luimnigh

Chuaigh an bus i ndíog ar thaobh an bhóthair.
Chuaigh an bus i ndíog ar thaobh an bhóthair.

Tuigtear gur tháinig gach duine slán ó bhus scoile a d'imigh den bhóthar agus a d'iompaigh ar a taobh i gCo Luimnigh ar maidin inniu.

Is ar bhóthar an R513 in aice le Cathair Chinn Lis ag thart ar 8 a chlog ar maidin a tharla an timpiste.

Tuigtear gur bus scoile príobháideach a bhí inti.

De réir íomhánna a foilsíodh ar na meáin shóisialta, dealraíonn sé go ndeachaigh an bus i ndíog ar thaobh an bhóthair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ