Le Donncha Ó Murchú
Tá ré órga na cniotála ar an tSráid Ard sa Ghaillimh ag teacht chun deiridh agus é fógartha go mbeidh Siopa Éadaí Cniotáilte Uí Mháille le dúnadh ag deireadh na míosa seo. Tá an siopa ar an bhfód le 86 bliain.
Tá Siopa Uí Mháille mar dhlúthchuid - agus mar inneach - de shaol gnó na Gaillimhe le cuimhne na ndaoine, agus tá geansaithe cniotáilte Árann á ndíol ann ag Anne Ní Mháille agus a fear céile Ger le caoga bliain anuas.
Sa bhliain 1938 a bhunaigh muintir Ger an siopa, a bhí suite ar Shráid Dhoiminic ar dtús faoi stiúir a uncail Pádraig Ó Máille. Tamall ina dhiaidh sin, bhog sé go dtí an tSráid Ard i lár na cathrach.
Tá clú agus cáil bainte amach ag Siopa Uí Mháille ar fud an domhain. Chaith na piardaí móra scannán John Wayne agus Maureen O'Hara éadaí ón siopa sa Quiet Man a rinneadh in iarthar na hÉireann i 1951. Ba í Máire Ní Mháille, aintín Ger, a chniotáil an feisteán a chaith Maureen O'Hara sa scannán sin.
Tá gaol láidir cothaithe ag Anne agus ag Ger le cniotálaithe cumasacha traidisiúnta i gcaitheamh na mblianta i gConamara, in iarthar an Chláir agus i dtuaisceart Mhaigh Eo a bhfuil cuid díobh i mbun na ceirde go fóill.
Tá ceird na cniotála ag dul in éag, ámh, a deir Anne, agus í ag caint ar na mná a bhfuil an stíl dhúchais chniotála acu go fóill. Nuair a bheidh na cniotálaithe sin caillte, ar sí, beidh an cheird i gcruachás mar gheall nach bhfuil sí foghlamtha ag a gclann ná ag an aos óg.
"D'impigh mé ar pháistí na gcniotálaithe sin an cheird a fhoghlaim ach ní raibh spéis acu inti! Tá an cath caillte anois agam", arsa sí.
In ainneoin go mbeidh brón uirthi agus an siopa á dhúnadh, tar éis di obair na gcapall a dhéanamh ar feadh na mblianta i dteannta a fir chéile, deir Anne go mbeidh sí buíoch leis as deis a bheith aici a scíth a ligean ar deireadh thiar thall.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ