skip to main content

Polasaí ag eir daoine a rinne gearáin a chur ó dhoras

Fíneáil €7,500 gearrtha ar eir
Fíneáil €7,500 gearrtha ar eir

I gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, gearradh fíneáil €7,500 ar an gcomhlacht teileachumarsáide eir faoi na rialacháin maidir le gearáin ina n-éadan a shárú.

Tugadh le fios sa chúirt go raibh polasaí ag eir a raibh sé mar dhearbhaidhm leis cosc a chur d'aon ghnó ar chustaiméirí gearáin a chur ar an taifead.

Dúirt an Breitheamh Anthony Halpin gur mhór an náire eir agus gur cheart don chomhlacht leithscéal a ghabháil leis an bhfoireann ar bagraíodh go smachtófaí iad mura gcloífidís leis an bpolasaí.

Dúradh sa chúirt gur tháinig an rialtóir teileachumarsáide ComReg ar lámhleabhar traenála inar ordaíodh don fhoireann gan gearáin ón bpobal a phróiseáil murar úsáid na gearánaithe focail faoi leith a léirigh gur thuig siad go maith cé na cearta a bhí acu.

Custaiméirí nár úsáid na focail faoi leith sin, is amhlaidh nár cuireadh a ngearáin ar an taifead agus nár tugadh aird ar bith orthu, a dúradh.

Dúradh chomh maith gur ordaíodh don fhoireann sa lámhleabhar gan seoladh idirlín ná uimhir theileafóin rannóg na ngearán a thabhairt do chustaiméirí.

I ráiteas a d'éisigh comhlacht idirnáisiúnta caidreamh poiblí thar ceann eir tráthnóna inniu, áfach, deirtear nach bhfuil sé fíor gur ordaigh eir don fhoireann gan oibleagáidí rialála a chomhlíonadh.

Deirtear sa ráiteas go bhfuil cuid dá ndúradh sa chúirt bunaithe ar cháipéisí ar bhain ComReg míbhrí astu.

Is amhlaidh a dúradh sa lámhleabhar atá i gceist, a deirtear sa ráiteas, gur chóir don fhoireann gearáin a chur ar aghaidh chuig sainfhoireann eile seachas uimhir theileafóin rannóg na ngearán a thabhairt do dhaoine.

Ar an dóigh sin, de réir an ráitis, d'fhéadfaí aghaidh níb fhearr a thabhairt ar ábhar na ngearán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ