Sádh agus gortaíodh ceathrar fear i séipéal in iarthar chathair Sydney san Astráil inniu.
Tuairiscítear gur ionsaigh fear le scian an t-easpag a bhí ag léamh an Aifrinn sa séipéal i gceantar Wakeley agus gur gortaíodh daoine eile nuair a tháinig siad i gcabhair ar an easpag.
Deir na seirbhísí éigeandála nach bhfuil aon duine de na fir a gortaíodh i mbaol báis.
Deir siad gur cuireadh cóir leighis ar an mball ar na fir, atá idir 20 bliain agus 70 bliain d'aois, agus gir tugadh chuig an ospidéal iad ina dhiaidh sin.
Deir na póilíní go bhfuil fear gafa acu faoin ionsaí.
Tá go leor Críostaithe Aisiriacha ina gcónaí i gceantar Wakeley. Teifigh ón gcogaíocht sa tSiria agus san Iaráic is ea a lán acu.
Arú inné, sádh agus maraíodh seisear in ionad siopadóireachta in oirthear Sydney agus tá roinnt daoine eile san ospidéal dá bharr, leanbh naoi mí d'aois ina measc.
Deir na póilíní go raibh fadhbanna meabhairshláinte ag an bhfear a bhí freagrach as an ionsaí sin ach nach raibh aon bhaint aige le sceimhlitheoireacht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ