Tá príomhfheidhmeannach Chumann Peile na hÉireann (FAI) Jonathan Hill le n-éirí as a phost ag deireadh na míosa seo. Trí bliana go leith atá caite aige sa phost.
D'fhógair Cumann Peile na hÉireann inniu go gceapfaí príomhfheidhmeannach eatramhach in áit Jonathan Hill go luath agus go dtabharfaí faoi phríomhfheidhmeannach lánaimseartha a chuardach ar bhonn struchtúrtha ina dhiaidh sin.
Cháin baill den Choiste um Chuntais Phoiblí Jonathan Hill go láidir i mí Feabhra seo caite faoin míniú a thug sé maidir le híocaíocht €11,550 a fuair sé ón gcumann in ionad laethanta saoire nach raibh glactha aige. Tá sé in aghaidh rialacha an chumainn íocaíochtaí mar é a thabhairt d'fhostaithe.
D'íoc Jonathan Hill an t-airgead sin ar ais chomh maith le suim €8,000 a bhí íoctha leis mar shochar comhchineáil nuair a deimhníodh gur sháraigh a thuarastal an teorainn a bhí leagtha síos ag an Rialtas.
Ghabh sé a leithscéal faoin ró-íocaíocht agus dúirt nach raibh aon rún aige an socrú a bhí déanta leis an Rialtas a shárú.
I ráiteas, ghabh cathaoirleach bhord Chumann Peile na hÉireann, Tony Keohane, buíochas le Jonathan Hill agus dúirt go ndeachaigh a cheannaireacht chun sochair don eagraíocht, go háirithe ó ghlac sé an cúram air féin nuair a bhí an phaindéim ann.
Mhol an cathaoirleach Jonathan Hill freisin as gnóthaí airgeadais agus struchtúr na heagraíochta a fheabhsú le linn na dtrí bliana go leith a chaith sé sa phost.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ