skip to main content

Ionsaí ar Iosrael: 'fógra 72 uair an chloig tugtha ag an Iaráin'

Píosaí de dhiúracán a cuireadh go talamh in Amman, príomhchathair na hIordáine
Píosaí de dhiúracán a cuireadh go talamh in Amman, príomhchathair na hIordáine

Deir na húdaráis sa Tuirc, san Iordáin agus san Iaráic gur thug na hIaránaigh fógra 72 uair an chloig do thíortha eile sular scaoil siad mórshailbhe drón armtha le hIosrael arú inné.

Deir Roinn Gnóthaí Eachtracha na Tuirce gur chuir siad teachtaireacht thar ceann na hIaráine chuig Rialtas na Stát Aontaithe lena chur in iúl dóibh go raibh na hIaránaigh chun ionsaí a dhéanamh ar Iosrael.

Is é an aidhm a bhí leis an teachtaireacht, a deir na Turcaigh, a chinntiú "nach rachadh na Meiriceánaigh thar fóir mar gheall ar an ionsaí".

Maíonn Rialtas na Stát Aontaithe, áfach, nach bhfuair siad aon fhógra roimh ré agus nár cuireadh scéal chucu go dtí go raibh tús curtha leis an ionsaí.

Dhearbhaigh an Iaráin gur scaoileadh na céadta drón le hIosrael mar dhíoltas as an ionsaí a rinne Iosrael ar chonsalacht na hIaráine sa Damaisc sa tSiria ar an 1 Aibreán.

D'éirigh leis an gcóras cosanta atá ag fórsaí Iosrael, le cúnamh ón mBreatain agus ó na Stáit Aontaithe, formhór na ndrón a chaitheamh go talamh agus a chur ó mhaith sular bhain siad sprioc amach.

Cé gur san Iordáin agus san Iaráic a cuireadh an chuid is mó de na diúracáin go talamh, gortaíodh cailín óg Arabach ón bpobal Beidiúnach go han-dona nuair a phléasc ceann acu i ndeisceart Iorael.

Inné, dúirt aire i Rialtas Iosrael Benny Gantz nach bhfuil sé socraithe fós ag na hIosraelaigh conas ná cathain a bhainfeas siad díoltas amach ar ionsaí na hIaráine.

Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden, áfach, nach mbeidh na Meiriceánaigh páirteach in aon ionsaí díoltais.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ