skip to main content

Fear á cheistiú faoi dhúnmharú fir i gCo Chill Dara

Fuarthas corp an fhir i ngairdín tí i nDiméin an Iústásaigh sa Nás
Fuarthas corp an fhir i ngairdín tí i nDiméin an Iústásaigh sa Nás

Tá fear sna daichidí gafa ag na Gardaí ar amhras gur dhúnmharaigh sé fear 36 bliain d'aois a bhfuarthas a chorp i gCo Chill Dara inné.

Fuarthas corp Shane Knott tar éis d'fhear teacht i láthair na nGardaí i mBaile Átha Cliath agus a rá leo go raibh scéala faighte aige go raibh fear maraithe ag duine muinteartha leis.

Is ina dhiaidh sin, ag thart ar am lóin inné, a fuarthas corp Shane Knott i ngairdín tí i nDiméin an Iústásaigh ar chiumhais theas bhaile an Náis.

Deirtear go raibh sé ina chónaí sa teach in éineacht le duine nó daoine eile agus tuigtear go raibh sé ar iarraidh ar feadh roinnt laethanta sular thángthas ar a chorp.

Ní fios fós cad ba thrúig bháis do Shane Knott ach deir na Gardaí go ndearnadh ionsaí brúidiúil é agus gur bhain drochghortuithe dá cheann.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar a chorp in Ospidéal Ginearálta an Náis níos deireanaí inniu.

Tá an fear a gabhadh á cheistiú i stáisiún Ghardaí i gCo Chill Dara.

Deir na Gardaí go bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil agus cúram leighis curtha ar fáil dó.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ