skip to main content

Foirgneamh eile do lucht tearmainn curtha tré thine

Gardaí ag fiosrú na tine
Gardaí ag fiosrú na tine

Tá Gardaí ag fiosrú damáiste a dhein tine do fhoirgneamh i gContae Chill Mhantáin.

Bhí an foirgneamh le cur ar fáil d'Iarrathóirí tearmainn.

Bhí pubail le cur i bhfearas ar an láthair do na h-iarrthóirí tearmainn.

Bhí imní ar mhuintir na háite áfach faoin mbeagán a deir siad a bhí ráite leo féin faoin bplean.

Luath maidin inné a thosaigh an tine in aice le Baile an Chinnéidigh.

Dúirt An Roinn Lán-Pháirtíochta go raibh sé ag cuimhniú ar suas le 160 duine a lonnú ann ach nach raibh an plean iomlán i bhfearas fós.