skip to main content

'Baol go bhfuil an Rialtas ag cur le anó Gaza'-Shannonwatch

'Shannonwatch' i mbun agóide sa tSionainn
'Shannonwatch' i mbun agóide sa tSionainn

Deir baill den ghrúpa 'Shannonwatch' gur baolach go bhfuil an Rialtas ag cur leis an ngéarchéim i Gaza agus cead á thabhairt aige d'eitleáin mhíleata na Stát Aontaithe tuirlingt in Aerfort na Sionainne ar an tslí go dtí'n Meánoirthear.

Bhailigh na céadta daoine le chéile in Aerfort na Sionainne inniu agus iad i mbun agóidíochta i gcoinne eitleáin mhíleata na Stát Aontaithe, a bhfuil sé mar nós le fada acu stopadh san Aerfort agus iad ag triall ar an Meánoirthear.

Tá an cead seo atá tugtha d'eitleáin mhíleata na Stát Aontaithe tuirlingt in Aerfort na Sionainne cáinte go tréan le 20 bliain ag an ngluaiseacht frith-chogaíochta, Shannonwatch.

Tá a bhfeachtas ag bailiu nirt le cúpla mí anuas áfach, i bhfianaise na cogaíochta i Gaza, agus an baol ann go bhfuil airm á n-iompar go hIosrael tríd an aerfort.

Deir bunaitheoir an fheachtais, Edward Horgan, go mbíonn bréaga á n-insint ag an rialtas agus iad ag maíomh nach ndéantar trealamh míleata ar bith a iompar go hIosrael tríd an aerfort.

Dúirt sé go raibh Iosrael mar cheann scríbe ag eitleán amháin ar a laghad inné, agus gur gá don rialtas cosc a chur ar eitleáin den chineál seo ar mhaithe le neodracht na hÉireann a chaomhnú.

Tá 23 bliain caite ag Edward Horgan i mbun agóide ag an aerfort, agus deir sé go bhfuil an ghluaiseacht níos práinní anois ná mar a bhí riamh i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Gaza.

Dúirt ceannaire an pháirtí 'Rabharta', Lorna Bogue, atá mar iarrthóir i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa i mbliana, go bhfuil sé thar am ag an rialtas dul i ngleic leis an trádáil a dhéantar le hIosrael, trádáil ar luach €4 billiún in aghaidh na bliana.

D'éiligh an Comhairleoir Bogue go ndéanfaí Stát Iosrael a leithlisiú ar fad agus go gcuirfí smachtbhannaí i bhfeidhm láithreach.

Thug an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly, a bhí i láthair inniu, le fios gur léir go bhfuil an feachtas pobail ag cosmhuintir na tíre ag dul i bhfeidhm ar an rialtas.

Dúirt an Teachta Dála Connolly go bhfuil brú éifeachtach curtha ar an Tánaiste Mícheál Martin, agus go bhfuil seasamh an rialtais múnlaithe ag gluaiseachtaí pobail.

'Céim thábhachtach chun cinn is ea í', a deir sí, 'go ndéanfar Stát na Palaistíne a aithint go hoifigiúil, ach gur gá bearta breise a chur i bhfeidhm le dul i ngleic le hAerfort na Sionainne'.

Coicíse ó shin, ghabh na Gardaí triúr gníomhaithe ar son na Palaistíne in Aerfort na Sionainne agus iad amuigh ar an rúidbhealach ag iarraidh stop a chur le heitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe, a bhí ag fanacht ar bhreosla.

Tá faobhar tagtha ar an ngluaiseacht ó shin agus iad níos diongbháilte anois ná mar a bhí riamh.