skip to main content

'Ní bheidh na creidmheasanna fuinnimh céanna ann'-Tánaiste

An Tánaiste Micheál Martin ag labhairt ag Ard Fheis a pháirtí inné
An Tánaiste Micheál Martin ag labhairt ag Ard Fheis a pháirtí inné

Dúirt an Tánaiste,Micheál Martin nár dhóigh leis go bhféadfadh an Rialtas na creidmheasanna céanna fuinnimh a thairiscint don phobal an babhta seo mar a rinneadh sna buiséid roimhe sin.

Ag labhairt dó ar an gclár 'The Week in Politics' dúirt sé áfach go ndéanfadh an Rialtas gach a bhféadfadh sé maidir leis an gcostas fuinnimh.

'Táimid ag teacht i gcabhair ar dhaoine atá ag stracadh' a dúirt sé agus 'is mór an chabhair do theaghlaigh scéim na dtéacsleabhar scoile a chlúdaíonn anois daltaí go dtí an teastas sóisearach, agus a dtiocfaidh daltaí dara leibhéal uile na tíre faoi sula mbíonn téarma an Rialtais seo istigh'.

Maidir le athruithe ar an gcáin phearsanta sa bhuiséad dúirt an Tánaiste go mbeifí ag díriú orthu siúd ar ioncam íseal agus a bhfuil costais ag breith isteach orthu.