Deir na póilíní san Astráil go raibh fadhbanna meabhairshláinte ag an bhfear a bhí freagrach as an ionsaí fuilteach inné in ionad siopadóireachta i Sydney.
Bhásaigh seisear de thoradh an ionsaithe sin a rinne an fear le scian, tá roinnt daoine eile san ospidéal dá bharr, páiste 9 mí d'aois ina measc.
Bhí aithne mhaith ag na húdaráis ar Joel Cauchi (40).
Tuairiscítear go ndeachaigh sé isteach san ionad i gceantar Bondi Junction, gur áitigh sé roinnt daoine agus gur sháigh sé ansin iad.
B'éigean do phóilín Cauchi a lámhach agus a mharú le stop a chur lena shléacht.