Deir Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) nach leor an €100 in aghaidh an heicteáir a bheidh le fáil ag feirmeoirí curadóireachta mar a gealladh inné ag Ard Fheis Fhianna Fáil.
Deir Uachtarán an IFA,Francie Gorman go dteastaíonn ar a laghad €250 in aghaidh an acra d'aon fheirmeoir a chuireann síolta i mbliana.
Thug Cathaoirleach de chuid an IFA,Kieran McEvoy le fios go raibh fadhbanna cheana féin ag an rannóg curadóireachta sula dtáinig an ráig is deireanaí drochaimsire seo, 'níl ann ach go ndeachaigh an saol in olcas dóibh ó shin' a dúirt sé.
'Caithfidh an tAire Talmhaíochta,Charlie McConalogue déanamh níos fearr ná gach ar thairg sé inné agus dóchas éigin a thabhairt do fheirmeoirí atá ag plé leis an gcuradóireacht go lán-aimseartha' a dúirt Kieran McEvoy.
Tá fás barraí buailte go dona le roinnt míonna a bhuíochas do titim throm báistí atá feicthe ag talamh na hÉireann.