Tá ionsaí na hIaráine ar Iosrael cáinte go géar ag an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha,Micheál Martin.
Dúirt sé gur bhagairt mhór don tsíochán idirnáisiúnta a bhí ina léithid.
'Má chuirtear a thuilleadh borradh anois faoin gcomhlint réigiúnach seo idir Iosrael agus an Iaráin beidh sé tubaisteach don réigiún agus don domhan tré chéile' a dúirt an Tánaiste.
Dúirt sé freisin nach ndearna an t-ionsaí pioc maitheasa do chás na bPailistíneach agus nach ngiorrófaí an fhulaingt do phobal Gaza dá bharr.
Ainneoin sin uilig bhí sé cáinteach faoi pholasaithe Phríomh Aire Iosrael,Benjamin Netanyahu freisin ag rá 'gur bac é maidir le cur chun cinn na síochána sa Mheánoirthear.
Dúirt sé gurbh é an réiteach dhá stát an t-aon bhealach a bhféadfadh Iosrael agus na Pailistínigh maireachtáil le chéile, agus nárbh fhíor a rá go mbeadh Hamas buacach as a chuid sceimhlitheoireachta mar atá ráite ag Ambasadóir Iosrael chun na tíre seo.
'Cháin an Rialtas anseo ionsaí Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair anuraidh, ní thuigim cén fáth a bhfuil an t-ambasadóir ag ardú na ceiste sin anois maidir le Hamas' a dúirt Micheál Martin.
D'iarr an Taoiseach Simon Harris ar an dá thaobh anois féachaint le srian a chur orthu féin mar nach bhfuil fhios cén scrios a dhéanfaí dá dtreiseodh an cogadh idir Iosrael agus an Iaráin.