skip to main content

An Iaráin tar éis diúracáin a scaoileadh le Iosrael

Tuilleadh contúirte do phobal Iosrael; an Iaráin ag scaoileadh ina dtreo
Tuilleadh contúirte do phobal Iosrael; an Iaráin ag scaoileadh ina dtreo

Deir urlabhraí míleata le Iosrael go bhfuil dróin, armtha le diúracáin ag déanamh an bhealaigh i dtreo na tíre ón Iaráin.

In agallamh teilifíse dhearbhaigh Daniel Hagari go raibh córais chosanta na tíre faoi réir don ionsaí.

Dhearbhaigh fórsaí na hIaráine go raibh an t-ionsaí seo beartaithe ag an tír mar dhíoltas ar an ionsaí a rinne Iosrael ar chonsalacht na hIaráine sa Liobáin ar an 1 Aibreán.

Tá cainéal teilifíse amháin ó Iosrael ag tuairisciú gur scaoil an Iaráin thart ar 100 drón le diúracáin cruise fáiscithe leo i dtreo spriocanna in Iosrael ach gur caitheadh go talamh iad os cionn na Siria agus na hIordáine.

Tá Rialtas Mheiriceá ar an eolas faoi seo agus cumarsáid rialta idir é agus feidhmeannaigh Iosrael chomh maith le comhghuaillithe eile.