'Tá ré nua de thógáil thithe cónaithe ar an mbealach' a dúirt ceannaire Fhianna Fáil,Micheál Martin ag Ard Fheis a pháirtí i mBaile Átha Cliath tráthnóna.
Thug Micheál Martin príomhóráid na hArd Fheise go gairid roimh a 7 a'chlog.
Gheall sé freisin go mbeadh breis cúnaimh le fáil ag teaghlaigh agus ag gnóluchtaí atá faoi bhrú agus go mbeadh breis infheistíochta ann ar mhaithe le costas cúram leanaí a laghdú.
Dúirt sé go dtiocfadh athrú ar íocaíochtaí PRSI do fhostóirí sna seachtainí atá romhainn.
Maidir leis an ngéarchéim sa Mheánoirthear dúirt sé nach raibh ceart ná cóir ag baint le gníomhartha agus aidhmeanna Hamas agus d'iarr air na gialla ar fad atá á gcoinneáil aige i Gaza a shaoradh.
Ar an lámh eile dúirt sé go gcaithfí an bhail atá fágtha ar an bpobal Pailistíneach le 6 mhí anuas a cháineadh go láidir.
D'iarr sé freisin ar an Iaráin gan aon ní a dhéanamh a chuirfeadh leis an teannas sa réigiún.