Is í an capall 'I Am Maximus' buaiteoir an ráis mhór in Aintree i Learpholl inniu.
D'éirigh le capall Willie Mullins críochnú chun tosaigh i gcliathrása an 'Randox Grand National' tráthnóna.
B'ise rogha na coitiantachta don rás seo atá áirithe ar an gcliathrása is iomráití ar domhan.
Bhí sí gan smál d'fhéadfá rá ag caitheamh na bhfálta de léim agus ag buachan go slachtmhar le Paul Townend sa diallait.
Seo an dara huair ag 'I am Maximus' rás dá léithid a bhuachan i ndiaidh di críochnú sa chéad áit i rás mór Grand National na hÉireann anuraidh.