skip to main content

Léirsiú láidir i gcathair Luimnigh

Agóid i Luimneach
Agóid i Luimneach

Tá léirsiú ar bun i gcathair Luimnigh tráthnóna ag an ngrúpa atá i mbun feachtasaíochta le seirbhísí éigeandála agus leighis a fheabhsú do phobal an Lár Iarthair.

15 bliain sa lá inniu a shocraigh Rialtas na linne gur in Ospidéal Ollscoil Luimnigh (UHL) a bheadh na seirbhísí éigeandála ar fad don réigiún, agus dúnadh dá réir na Ranna Éigeandála in Ospidéil na hInse,An Aonaigh agus St.Johns.

Chiallaigh sé sin gur aon ospidéal mór amháin a bheadh ag freastal ar phobal de 450,000 duine.

Deir lucht an fheachtais nach bhfuil de thoradh air seo uilig ach ró-phlódú in Ospidéal Ollscoil Luimnigh agus gurb iad na hothair atá thíos leis.

Tá an lucht agóide i ndiaidh a mbealaigh a dhéanamh amach chomh fada le hoifig Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte sa Ráithín, áit ar leag siad bláthanna ag doras na hoifige i gcuimhne orthu siúd ar fad a bhásaigh i UHL i gcaitheamh na mblianta, chomh maith leo siúd atá ag fulaingt de bharr ró-phlódú.

Teastaíonn ón lucht agóide go n-athosclófaí na ranna éigeandála ar fad a dúnadh sa réigiún i 2009.

Tá sé tugtha le fios cheana féin ag an Taoiseach,Simon Harris nach dtarlóidh a léithid cé go ndúirt sé go raibh an-imní air nár fheabhsaigh scéal na n-othar i UHL ainneoin na hinfheistíochta atá déanta sin maidir le leapacha agus foireann le blianta beaga anuas.