skip to main content

Tascfhórsa nua le bunú i mBÁC

Tascfhórsa nua le bunú i mBÁC
Tascfhórsa nua le bunú i mBÁC

Tá tascfhórsa nua le bunú a mbeidh sé mar aidhm aige moltaí a thabhairt chun cinn ar mhaithe le leas agus sábháilteacht lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Tuairiscítear go raibh cruinnithe ag an Taoiseach,Simon Harris le Príomhfheidhmeannach Chomhaire Cathrach Bhaile Átha Cliath, Richard Shakespeare agus le Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris i dtaca lena léithid a bhunú.

Tuigtear go gcuirfear an moladh faoi bhráid an Rialtais as seo go ceann roinnt seachtainí.

Dúirt urlabhraí de chuid an Taoisigh go gceapfar 'baill ar an tascfhórsa ón gcomhairle cathrach, óna gardaí agus ó ghrúpaí gnó,pobail agus cultúrtha sa bpríomhchathair'.

Tá sé ráite ag miondíoltóirí agus gnóluchtaí eile i mBaile Átha Cliath le tamall anois go mbraitheann siad go mór faoi bhagairt ag gadaíocht agus iompar frithshóisialta.

Beidh 12 seachtainí ag an tascfhórsa moltaí a chur i dtoll a chéile.