skip to main content

€500,000 tógtha ag na gardaí i mBÁC

€500,000 tógtha ag na gardaí i mBÁC
€500,000 tógtha ag na gardaí i mBÁC

Tá bean sna 40-idí gafa i ndiaidh do ghardaí teacht ar €500,000 d'airgead tirim i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Is é an Biúró Náisiúnta Drugaí agus Coiriúlacht Eagraithe de chuid na ngardaí a tháinig ar an airgead inné.

Tháinig gardaí freisin ar cháipéisí agus roinnt trealamh eile le linn an chuardaigh a bhí ar bun acu.

Gabhadh an bhean faoi Alt 72 den Acht um Cheartas Coiriúíl agus is féidir í a choinneáil ar feadh 7 lá.