Tá seisear marbh i ndiaidh an ionsaithe a rinne fear a raibh scian á iompar aige in ionad siopadóireachta i gcathair Sydney san Astráil.
Tuigtear freisin go bhfuil suas le ochtar eile gortaithe go dona de bharr na heachtra,páiste naoi mí d'aois ina measc.
Deir na póilíní thall ansin gur ghníomhaigh an té a rinne an t-ionsaí as a stuaim féin agus go bhfuil sé anois marbh.
Deir Coimisinéir Phóilíní New South Wales, Karen Webb gur 'maraíodh ceathrar ban agus fear amháin ar an láthair'.
'Bhásaigh an séú duine, bean freisin, ina dhiaidh sin san ospidéal' a dúirt sí.
Tuairiscítear go ndeachaigh an té a bhí freagrach isteach san ionad i gceantar Bondi Junction, gur áitigh sé roinnt daoine agus gur sháigh sé ansin iad.
Maraíodh eisean i ndiaidh do phóilín dul i ngleic leis agus é a lámhach.
Deir na póilíní nach dóigh leo gur grúpa sceimhlitheoirí a bhí taobh thiar den ionsaí.
Tharla an eachtra go gairid tar éis a trí tráthnóna am na hAstráile, sin tar éis a sé a chlog ar maidin am na hÉireann.
Dúirt an Taoiseach Simon Harris gur chuir ar tharla thall ansin alltacht air agus go raibh pobal na hAstráile uilig i gcuimhne mhuintir na hÉireann ar an lá seo.
Tuigtear áfach nach bhfuil aon Éireannach marbh nó gortaithe de bharr na heachtra seo.