Tá pacáiste suntasach do cháin ioncaim geallta ag an Aire Airgeadais,Michael McGrath don chéad Bhuiséad eile amach sa bhFómhar.
Dúirt an tAire McGrath áfach nach bhféadfaí a rá go cinnte cén cineál beartais a bheadh i gceist go mbeadh muid níos gaire don am.
Bhí an Teachta Fianna Fáileach as Corcaigh ag labhairt ag Ard Fheis an pháirtí atá ar bun i mBaile Átha Cliath.
Ag an Ard Fheis freisin d'fhógair an tAire Talmhaíochta,Charlie McConalogue tacaíocht do fheirmeoirí curadóireachta.
Beidh €100 in aghaidh an heicteáir le fáil ag gach feirmeoir a chuireann síolta i 2024.
Dúirt an tAire Tithíochta,Darragh O'Brien go leanfar leis an tarscaoileadh maidir le tobhach forbartha agus táillí ceangal uisce agus go gcuirfear 5 bliana eile de shíneadh ar Scéim na gCeannaitheoirí Tithe Céaduaire.
Leathnófar amach don scoilbhliain seo chugainn an scéim do leabhair scoile saor in aisce.
Aréir agus tús á chur leis an Ard Fheis dúirt an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil,Micheál Martin gur féidir leis an bpáirtí a bheith bródúil as a bhfuil bainte amach aige sa téarma Rialtais seo.
Tabharfaidh Micheál Martin príomhóráid na hArd Fheise níos deireanaí tráthnóna.