skip to main content

Príosún gearrtha ar fhear as ionsaí gnéis a dhéanamh ar naíonán

Jamie Marshall (Pictiúr cartlainne)
Jamie Marshall (Pictiúr cartlainne)

Gearradh sé bliana príosúin – dhá cheann díobh ar fionraí – ar fhear 35 bliain d'aois a d'admhaigh go ndearna sé fístaifeadadh air fhéin ag déanamh ionsaí gnéis ar naíonán buachalla agus a roinn an físeán le daoine eile.

I gCúirt Chuarda Choiriúil Luimnigh, dúirt an Breitheamh Tom O'Donnell go gcaithfeadh sé pionós a ghearradh ar Jamie Marshall as cathair Luimnigh ar an bpointe mar go raibh a choireanna ar na cinn ba bhrúidúla a d'fhéadfaí a dhéanamh ar leanbh óg.

Dúirt an breitheamh ní hamháin go raibh iompar an chiontóra uafásach, ach millteach agus náireach leis.

Dúradh sa chúirt go raibh na Gardaí in ann Jamie Marshall a aithint san fhíseán ó na tatúnna suaithinseacha atá ar a rítheacha.

Mhaígh abhcóide Jamie Marshall thar ceann a chliaint gurbh é an andúil a bhí aige i gcócaon ba chionsiocair lena chuid iompair ach gur ghlac sé leis gur air féin amháin a bhí an milleán faoina raibh déanta aige.

Ciontaíodh Jamie Marshall 133 uair sna cúirteanna cheana.

Dúirt máthair an naíonáin a ndearnadh an t-ionsaí gnéis air go ndeachaigh an scéal faoina meabhairshláinte.

Thug sé le fios go raibh an buachaill óg ag bisiú agus ag déanamh go maith, a bhuíochas sin don tacaíocht atá a theaghlach a thabhairt dó.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ