skip to main content

Cruinnithe faoin tuile i Loch Fuinseann i gCo Ros Comáin

Talamh agus tithe faoi uisce mar gheall ar an tuile i Loch Fuinseann i gCo Ros Comáin
Talamh agus tithe faoi uisce mar gheall ar an tuile i Loch Fuinseann i gCo Ros Comáin

Bhí cruinniú ag an Aire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí le daoine i ndeisceart Chontae Ros Comáin atá ag fulaingt de bharr na tuile i Loch Fuinseann.

Ceapadh Kieran O'Donnell mar Aire Stáit arú inné tar éis don Taoiseach nuathofa Simon Harris roinnt athruithe a dhéanamh ar an gComhaireacht.

Dúirt daoine áitiúla sa Churrach Buí leis an Aire Stáit go raibh súil acu go bhféadfaí an loch a thaoscadh ar bhonn éigeandála lena chinntiú nach ndéanfaí níos mó damáiste dá maoin.

Báisteach throm a bhí sa cheantar le gairid is cionsiocair leis an tuile.

Príomfheidhmeannach Chomhairle Contae Ros Comáin, Shane Tiernan, thug sé féin cuairt ar an gceantar inniu freisin agus dúirt go raibh an t-údarás áitiúil ag breathnú ar roinnt réiteach eatramhach le dúil tithe in aice le Loch Fuinseann a chosaint.

Inne, b'éigean daoine a thabhairt amach as dhá theach cónaithe sa cheantar mar gheall ar an tuile agus tá trí bhóthar dúnta dá barr freisin.

Is cosúil go mbeidh ceann de na bóithre dúnta ar feadh suas le trí mhí agus tá sé tugtha le fios ag an gComhairle Contae go mbeidh moill ar thrácht sa cheantar idir dhá linn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ