skip to main content

Gluaisrothair, scútair, airgead tirim coigistithe ag Gardaí

Cuid de na gluaisrothair atá coigistithe ag na Gardaí
Cuid de na gluaisrothair atá coigistithe ag na Gardaí

Tá gluaisrothair streachailte, gluaisrothair leictreacha, rothair leictreacha agus scútair leictreacha – 34 san iomlán – i measc na bhfeithiclí a choigistigh na Gardaí tar éis dóibh 40 ionad a chuardach i mBaile Átha Cliath inné.

Chomh maith leis na feithiclí dárothacha sin, choigistigh na Gardaí trí chuadrothar, scairdscí agus leantóir.

Coigistíodh cúig uaireadóir dearthóra, earraí eile dearthóra agus €42,950 in airgead tirim freisin.

Baineann coirpigh leas as feithiclí dárothacha agus drugaí á ndíol acu, agus le gunnaí iompar ó áit go háit. Is furasta éalú ó na Gardaí ar scútar leictreach, cuir i gcás, san áit nach bhfuil spás do charranna.

Ina cheann sin, ceannaíonn coirpigh feithiclí mar iad le hairgead tirim chun a bhfáltas cam a sciúradh.

Fuarthas luach €8,000 de chócaon agus de channabas freisin sna háiteanna a chuardaigh na Gardaí inné agus tá beirt gafa acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ