Tá sé tugtha le fios ag an Aire Stáit sa Roinn Iompair Jack Chambers go bhfuil sé i gceist moltaí nua faoin Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a leasú a chur i bhfeidhm an samhradh seo.
Tá sé mar chúram ar an ngníomhaireacht sin an líon tionóiscí bóthair sa Stát a laghdú ach ar an drochuair is ag dul i méid atá siad.
D'fhógair an Roinn Iompair roinnt seachtainí ó shin go rabhthas le athbhreithniú seachtrach a dhéanamh ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a bhfuil buiséad bliantúil de thart ar €100 milliún aige.
Dúirt Jack Chambers gur léir nach bhfuil beartais sábháilteachta ar bhóithre á gcur i bhfeidhm mar is cóir agus go raibh tuilleadh acmhainní póilíneachta de dhíth.
Inné, d'fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go mbeadh ar gach Garda póilíneacht ar bhóithre a dhéanamh ar feadh leathuair an chloig ar a laghad gach lá atá siad ag obair feasta.
Ag labhairt dó ar RTÉ ar maidin inniu, dúirt ceannaire an pháirtí Aontú Peadar Tóibín, áfach, nach leor an méid sin mar bheartas sábháilteachta agus nach raibh ann ach sop in áit na scuaibe.
Chomh maith leis sin, arsa sé, ni bheidh ann ach cuid den chadhain seo a chur sa chadhain úd eile mar go bhfuil gach Garda chomh gnóthach cheana féin.
De réir na bhfigiúirí is deireanaí ó na Gardaí, maraíodh 63 duine i dtimpistí bóthair sa Stát go dtí seo i mbliana, i gcomparáid le 48 sa tréimhse chéanna anuraidh.
Ina cheann sin, bhí 58 brúscán ann ó thús na bliana, le hais 44 sa tréimhse chéanna anuraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ