Tá beirt fhear go han-dona tinn san ospidéal ó gortaíodh iad i dtionóisc bhóthair a bhí i gCo Chill Chainnigh inné.
Gortaíodh an bheirt, atá sna tríochaidí, nuair a bhuail an gluaisteán ina raibh siad agus gluaisteán eile faoin chéile idir Acomhal 8 sa Pháirc Gharbh agus Acomhal 9 i nDún Feart ar mhótarbhealach an M9 go gairid tar éis 7.30 tráthnóna inné.
Tá tiománaí an ghluaisteáin eile go dona tinn san ospidéal freisin. Fear sna fichidí atá ann.
Tá cóir leighis á cur ar an triúr in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge.
Tá an bóthar idir Acomhal 8 agus Acomhal 9 dúnta agus tá trácht bóthair á chur malairt slí a fhad is atá scrúdú teicniúil á dhéanamh ar láthair an bhrúscáin ag saineolaithe an Gharda Síochána.
Tá na Gardaí i mBaile Mhic Andáin ag achainí ar aon duine a chonaic ar tharla nó a mbeadh aon eolas ábhartha eile acu teacht chun cainte leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ