Beidh cruinniú ag an Taoiseach Simon Harris le Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez i dTithe an Rialtais tráthnóna inniu.
Tá aitheantas a thabhairt don Phalaistín mar stát i measc na gceisteanna atá le plé ag an mbeirt fhear.
Phléigh an bheirt ceist an aitheantais i gcruinniú mullaigh de cheannairí Eorpacha a bhí ar siúl i Vársá sa Pholainn inné.
Thug an Taoiseach le fios i ndiaidh an chruinnithe sin nár dhóichí go mbeadh aon chomhpholasai ag an Aontas Eorpach trí chéile maidir leis an gceist ach dheimhnigh ina ainneoin sin go raibh rún an tír seo i gcónaí agus ag roinnt ballstát eile aitheantas a thabhairt don Phalaistín go luath.
Ina cheann sin, tá iarrtha ag Éirinn agus ag an Spáinn ar an gCoimisiún Eorpach gníomhartha na nIosraelach in Gaza a athbhreithniú i bhfianaise na n-oibleagáidí cearta daonna atá ar Iosrael de réir an chomhaontú comhlachais atá idir an tír sin agus an tAontas Eorpach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ