Tá Joe Kinnear, a d'imir ina chosantóir le foireann idirnáisiúnta sacair na hÉireann, tar éis bháis a deir a theaghlach i ráiteas.
77 a bhí sé.
I mBaile Átha Cliath a rugadh Joe Kinnear a d’imir 26 babhta le foireann na tíre.
Cailleadh a athair ina óige agus chuaigh a mháthair agus a cúigear clainne ar imirce go Watford ó thuaidh de Lundain nuair nach raibh Joe ach 8 mbliana.

Chaith sé 10 mbliana i mbun a cheirde le Tottenham Hotspur i Londain, áit ar bhuaigh sé Corn UEFA, Corn an FA agus Corn na Sraithe faoi dhó.
D’imir sé 258 babhta le Spurs sula mb’éigean dó éirí as de bharr drochghortú.
Chuaigh sé leis an mbainistíocht ina dhiaidh sin agus mairfidh a cháil ina cheann feadhain ar Wimbledon sna 1990í nuair a baistíodh an 'Crazy Gang’ ar an gcumann.
Bhí sé i gceannas nuair a bhain an cumann amach an 6ú háit sa tSraith i 1994 nuair a shaothraigh sé féin gradam Bhainisteoir na Bliana.
Chríochnaigh Wimbledon i measc an 10 fhoireann is airde faoi dhó sa bPríomhroinn ina theannta sin, ach d’éirigh Joe Kinnear as de bharr taom croí i 1999.
Nuair a tháinig biseach air chuaigh sé i mbun bainistíochta ar Luton Town, ansin ar Nottingham Forest, agus ar feadh seal ar Newcastle United.
Thug a bhean chéile Bonnie le fios i 2021 go raibh 6 bliana caite aige ag streachailt le néaltrú.

Cailleadh inné é agus a chlann in éindí leis.