Deir ceannaire na carthanachta World Central Kitchen go gcreideann sé gur in aon turas a dhírigh Arm Iosrael ar mheitheal oibre a bhí acu i nGaza.
Maraíodh seachtar oibrí fóirthinte de chuid WCK in ionsaí ón aer Dé Luain.

Botún a bhí ann más fíor d’Iosrael. Tá an tArm ceaptha é a fhiosrú.
Níl Tuaisceart Ghaza - atá buailte ag tréan-ghanntan agus contúirt gorta - bainte amach ag oiread is leoraí amháin fóirithinte ó thárla an t-ionsaí.
Tá a gcuid oibre i nGaza curtha ar fionraí ag riar carthanachtaí ar chúinsí sábháilteachta.

Deir José Andrés an chef mór le rá a bhunaigh World Central Kitchen gur "spriocdhíríodh go córasach ar na feithiclí, ina gceann is ina gceann, d’aon ghnó."
Tá an méid sin séanta ag Iosrael a dúirt nach bhfuil "fáth ar bith faoin spéir go ndéanfadh Iosrael a leithéid le lucht cabhrach. Seafóid atá ann".
Níos deacra a bheidh sé feasta aon dearbhú neamhspleách a fháil ar thada.
Tá an Knesset tar éis dlí a achtú ón Luan a cheadóidh cosc a chur ar aon sheirbhísí nuachta ón gcoigríoch - Al Jazeera go sonrach, stáisiún a bhfuil tuairisceoirí acu i nGaza agus ar an mBruach Thiar agus tionchar mór acu - "a chuirfeadh an náisiún i mbaol."
Cinsireacht atá beartaithe.
Tá ollmharú agus léirscrios léirithe ón tús ar scáileán ag Al Jazeera, i dtithe agus ar shráideanna, i scoileanna agus ospidéil.
Tá ar a laghad 95 iriseoir san iomlán maraithe ó thosaigh an chogaíocht.
Idir an dá linn tá an brú ag treisiú ar Rialtas na Breataine gan airm a dhíol níos mó le Iosrael agus 600 saineolaí sa dlí, triúr Breitheamh ón gCúirt Uachtarach ina measc, tar éis litir a fhoilsiú ag iarraidh ar an bPríomhaire deireadh a chur le onnmhairiú airm go hIosrael.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Peadar Mac Gaoithín ar Nuacht TG4 ag 1900.