Tá líon na ndaoine a lorg cosaint idirnáisiúnta in Éirinn an chéad ráithe den bhliain 2,000 níos airde ná mar a bhí anuraidh.
Léiríonn figiúirí ón Roinn Dlí is Cirt gur iarr 5,163 duine an tearmann sin ó thús na bliana go dtí an 28ú Márta.
Sin 2,170 sa mbreis, nó 72% d'ardú ó rinne 2,993 duine iarratas an tréimhse chéanna i 2023.
As an Nigéir (1,668) níos mó ná leath na ndaoine go dtí seo i mbliana.
As an mBangladéis 416 duine, 400 as an bPacastáin, 365 ón tSomáil agus 243 as an Afganastáin.
Tá breis is 45 tír ar fad luaite sna sonraí.
13,277 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a déanadh san iomlán anuraidh.