Tá Teachta Dála eile ón líon mór Neamhspleách sa Dáil tar éis deimhniú go mbeidh sé ag tacú le Simon Harris san vóta ar Thaoiseach nua an tseachtain seo chugainn.

Deir Noel Grealish, TD i nGaillimh Thiar, go seasfaidh sé le ceannaire Fhine Gael tar éis dó cruinniú a bheith aige le Simon Harris inniu.
Tá Neamhspleách eile - Cathal Berry TD - le casadh freisin tráthnóna leis an Uas Harris.
Tá móramh ag an Rialtas le Simon Harris a thoghadh ina Thaoiseach Dé Máirt seo chugainn ach chuideodh an tacaíocht sa mbreis san am atá le theacht.
Inné gheall beirt eile Teachtaí Neamhspleácha go mbeadh siad ag tacú le Simon Harris, fear Thiobraid Árann Michael Lowry agus Denis Naughten TD, as Gaillimh-Ros Comáin.
Tá sé ráite le scaithe ag triúr eile de na Neamhspleáigh go mbeadh siad ag seasamh leis an saoiste nua ar Fhine Gael: Marc MacSharry, Teachta le Fianna Fáil tráth i Sligeach-Liatroim; Neasa Hourigan, BÁC-Láir, atá ar fionraí ag Comhaontas Glas; agus Joe McHugh, as Dún na nGall, a chaill fuip Fhine Gael de bharr cheist an mhíoca sna tithe.
Tá beirt eile a deir go bhfuil siad idir dhá chomhairle, Seán Canney i nGaillimh-Thoir agus Matt Shanahan, Port Láirge, atá beirt a deir siad ag fanacht le cloisteáil ar ais ó Simon Harris faoi ábhair atá ag déanamh imní dóibh.