skip to main content

€20 billiún gach bliain ar feadh 20 bliain leis an tír a aontú - taighde nua

Moltar sa taighde go leasófaí an geilleagar ó thuaidh go mór le táirgiúlacht a mhéadú.
Moltar sa taighde go leasófaí an geilleagar ó thuaidh go mór le táirgiúlacht a mhéadú.

Chosnódh sé €20 billiún gach bliain ar feadh 20 bliain le Éire aontaithe a chur i gcrích, de réir taighde nua atá foilsithe.

De réir an staidéir atá déanta ag an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha chaithfí 25% sa mbreis cánach a bhailiú lena leithéid de chostas a sheasamh; é sin nó an tsuim chéanna a aimsiú i bhfoirm caiteachas an Stáit a laghdú.

Tá na figiúirí sin bunaithe ar eolas a bailíodh sula dtáinig an víreas corónach, mar sin deir an Institiúid go mbeadh an costas níos airde fós.

Meastar sa taighde go gcuirfeadh aontú na tíre 5% d'Ollioncam módhnaithe Náisiúnta le easnamh an Stáit.

Bheadh a dhá oiread i gceist dhá ndéanfaí cothromú ó thuaidh mar atá ó dheas den teorainn faoi láthair ar rátaí íocaíochtaí leasa agus ar rátaí pá san earnáil phoiblí.

D’fhágfadh sin an ceathrú cuid sa mbreis ag teastáil ón Státchiste, gan dá thairbhe a deir an staidéar ach borradh beag ar theacht-isteach.

"An leigheas a bheadh air" a deir comhúdar an staidéir agus comhchathaoirleach na hInstitiúide an tOll John Fitzgerald "go n-athródh Tuaisceart Éireann a ngeilleagar ó bhonn, go háirid in earnáil an oideachais, leis an mbearna idir thuaidh agus theas a mhaolú agus ar mhaithe leis an ioncam ó thuaidh a ardú".

Molann an staidéar freisin go dtreiseodh Tuaisceart Éireann an táirgiúlacht sa ngeilleagar, bíodh aontú ann nó ná bíodh, mar go neartófaí an caighdeán maireachtála i gcoitinne.

Más fíor don taighde laghdódh leasú an t-easnamh eacnamúil i dTuaisceart Éireann, rud a laghdódh costas aontaithe dhá mbeadh ann dó.