skip to main content

Stoirm Kathleen le bheith ag réabadh i Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí agus i gCorcaigh

Turasóir i gCo an Chláir mí Eanáir le linn Stoirm Isha
Turasóir i gCo an Chláir mí Eanáir le linn Stoirm Isha

Tá Oifig na hAimsire tar éis Rabhadh Oráiste a fhógairt do 4 chontae ar Chósta an Atlantaigh.

Beidh an fainic i bhfeidhm i gCorcaigh, Ciarraí, Gaillimh agus Maigh Eo ón 7 a chlog ar maidin go dtí a 5 tráthnóna Dé Sathairn, tráth a mbeidh Stoirm Kathleen ag buaic a nirt.

Séidfidh gálaí aneas a deir Met Éireann, agus bheidh siotaí contúirteacha ann.

Beidh na bóithre dainséarach a deir siad, leagfar crainnte agus cuaillí leagtha, tá baol mór ann go ngearrfar an chumhacht, beidh fuarlaigh cois cósta agus oibriú ar muir.

Beidh Rabhadh Buí i bhfeidhm sa gcuid eile den tír ar feadh an lae Dé Sathairn.

Ainmneacha ghálaí '23/'24 roghnaithe ag Oifigí na hAimsire in Éirinn, sa mBreatain agus san Ísiltír

Beidh Stoirm Kathleen ar an 11ú gála le ráithe, ó thosaigh tréimhse stoirmeacha 2023-24.

In ómós den chriostalagrafaí de bhunú na hÉireann Kathleen Lonsdale a roghnaigh Met Éireann ainm an ghairfin.

Sa mbliain 2022-23 ceithre cinn de stoirmeacha a thug ruathar faoin tír.

Níor tharla sé fós gur shéid stoirm a raibh an chéad litir 'L' aici.

Stoirm Jocelyn go deiridh a tháinig fúinn, an 23ú Eanáir.

Díreach roimpi rinne Stoirm Isha dochar go leor nuair a shéid siotaí 137km/u an 21ú Eanáir.